Skip to main content

CLUICHE CEANNAIS NA HÉIREANN

Seo aistriúchán ar alt san Irish Times agus is féidir teacht ar an leagan Béarla ar an nasc seo a leanas: Armagh v Galway: Throw-in time, TV details, ticket and team news for All-Ireland football final – The Irish Times

Beidh Ard Mhacha ag imirt in aghaidh na Gaillimhe i gCluiche Ceannais Peile na hÉireann Dé Domhnaigh 3.30pm i bPáirc an Chrócaigh. Is é an 137ú cluiche ceannais peile é agus más rud é go gcríochnóidh sé ar comhscór tar éis am breise beidh an athimirt ar siúl 3 Lúnasa.

Cá mbeidh sé ar taispeáint?

Is féidir an cluiche a fheiceáil ar RTÉ2, le clúdach comhimeartha óna 2.15pm, agus tosaíonn clúdach ar BBC Two ar 3pm. Beidh craoladh Gaeilge den chluiche ar fáil ar Saorview agus is féidir breathnú níos déanaí air sa tráthnóna ar chraoladh iarbheo ar TG4 ar 19.15pm.

Cá bhfuil na ticéid ar fáil?

Ní hionann agus cluichí roimhe seo, ní bhíonn na ticéid don chraobhchluiche i bPáirc an Chrócaigh ar díol go poiblí ar Ticketmaster ná sna siopaí áitiúla SuperValu.

Bíonn sciob sceab ar thicéid. Faigheann gach bord contae leithdháileadh de thicéid do chraobhchluiche Ceannais na hÉireann. Is iad na contaetha a bheidh in iomaíocht sa chraobh a fhaigheann na leithdháiltí is suntasaí. Déantar scagadh orthu seo go dtí a gclubanna agus comhaltaí an chlub ina dhiaidh sin. Is féidir le daoine rochtain a fháil ar thicéid freisin má chláraigh siad le haghaidh ticéad séasúir Pháirc an Chrócaigh ag tús na bliana. Coinníonn gach club líon áirithe do bhoird na n-oifigeach, meantóirí foirne agus comhaltaí. Cuirfear ticéid ar fáil d’iar-imreoirí agus d’imreoirí reatha freisin.

Má bhíonn an t-ádh dearg ort ticéad a aimsiú cosnaíonn ticéid €100 do na seastáin, sin méadú €10 ar 2023 agus €55 do Hill 16, sin méadú €5.

Cén chaoi ar éirigh leis an dá fhoireann dul go dtí an cluiche ceannais?

Chuir Ard Mhacha tús leis an gcraobh le buanna ar Fhear Manach agus ar an Dún i gCúige Ulaidh tar éis cluiche a chailleadh in aghaidh Dhún na nGall sa chluiche ceannais i gCluain Eois ar phionóis. Bhí an bua acu ar an Iarmhí agus ar Dhoire sa ghrúpa sular chríochnaigh siad ar comhscór le Gaillimh, 1-12 in aghaidh 0-15 i Sligeach. Bhí an ceann is fearr acu ar Ros Comáin sa chluiche ceathrú ceannais le sé phointe sular thug siad an svae leo in aghaidh Chiarraí sa chluiche leathcheannais tar éis am breise.

Bhain Gaillimh craobh Chonnacht amach tar éis bua ar Londain agus ar Shligeach. Ansin fuair siad an ceann is fearr ar a sean-naimhde, Maigh Eo, tar éis cluiche cinntitheach corraitheach chun an craobh a thabhairt leo. Bhuail siad Doire agus an Iarmhí sa ghrúpa, cosúil le hArd Mhacha, sular chríochnaigh siad ar comhscór lena chéile. Cé go raibh an buntáiste ag na seaimpíní, Baile Átha Cliath, bhí an bua ag Gaillimh orthu le pointe amháin sa mbabhta ceathrú ceannais. Thug siad an svae leo in aghaidh Dhún na nGall le dhá phointe sa chluiche leathcheannais.

Mar sin ba chóir go mbeadh cluiche ceannais ar ardchaighdeán ar taispeáint an Domhnach beag seo agus gan cluiche caillte ag ceachtar den dá fhoireann sa chraobh. Tá Ard Mhacha ag iarraidh an dara Cluiche Ceannais a bhuachan tar éis dóibh an bua a fháil in 2002. Beidh sé mar an cúigiú cluiche ceannais dóibh. Tá súil ag Gaillimh a 10ú cluiche ceannais a thabhairt leo, agus an cluiche buaiceach deireanach acu in 2001, rud a chiallaíonn nár bhlais ceachtar den dá fhoireann Corn Mhig Uidhir le níos mó ná 20 bliain.


Gaillimh abú!