Skip to main content

Ráiteas Glas

Réamhrá

Tá Dréimire - Seirbhísí Teanga tiomanta go díograiseach do chur chun cinn na hinbhuanaitheachta agus do chaomhnú an chomhshaoil. Aithnímid iarmhairtí ár ngníomhartha agus dá bhrí sin tá go leor straitéisí glactha againn chun ár n-astaíochtaí carbóin a laghdú agus chun ár dtionchar éiceolaíoch a laghdú. Déantar cur síos sa Ráiteas Glas seo ar ár n-iarrachtaí inbhuanaitheachta agus ar na tionscnaimh atá seolta againn ionas go bhfeidhmeoidh an comhlacht ar bhealach níos neamhdhíobhálaí agus níos freagraí  don chomhshaol.

Ár gCoimitmint

Aithníonn Dréimire - Seirbhísí Teanga gur gné ríthábhachtach den ghnó í an inbhuanaitheacht. Tá gealltanas tugtha againn feidhmiú ar bhealach a laghdaíonn ár dtionchar ar an gcomhshaol, agus déanaimid ár ndícheall an sprioc seo a bhaint amach gach lá. Creidimid go bhfuil freagracht ar gach gnó cur le cosaint an chomhshaoil, agus tá roinnt céimeanna glactha againn chun a chinntiú go ndéanaimid ár gcuid.

Bearta Inbhuanaitheachta atá curtha i bhfeidhm

Leagtar amach sa rannóg seo na bearta atá déanta againn cheana féin maidir le hinbhuanaitheacht i nDréimire - Seirbhísí Teanga.

Riachtanas priontála ar bith agus sonrascú gan pháipéir

Trí aistriú go cur chuige gan pháipéar, tá laghdú 90 % déanta againn ar ár n-ídiú páipéir, ag sábháil thart ar 500 crann in aghaidh na bliana agus ag laghdú dramhaíola go suntasach. Táimid tar éis deireadh a chur freisin leis an ngá atá le sonrascú páipéir, agus seoltar ár sonraisc go léir go leictreonach.

Cruinnithe ar líne agus obair chianda amháin

Déanaimid ár gcruinnithe agus ár n-oibríochtaí go léir ar líne, beart a íoslaghdaíonn an gá le taisteal agus a laghdaíonn ár lorg carbóin. Oibríonn ár mbaill foirne ón mbaile, rud a chuireann deireadh leis an ngá le comaitéireacht, ag laghdú ár n-astaíochtaí carbóin ar an iomlán. Ní hamháin go laghdaíonn an cur chuige seo ár dtionchar ar an gcomhshaol ach cuireann sé cothromaíocht oibre is saoil chun cinn agus tacaíonn sé le folláine fostaithe.

Lónadóireacht agus éileamh bia ar bith

Cuireann ár n-obair chianda deireadh le héilimh lónadóireachta agus bia. Oibríonn baill foirne ón mbaile, le tacaíocht ó bheartais a spreagann nósanna cothaithe atá sláintiúil agus neamhdhíobhálach don chomhshaol agus spreagtar iad chun bia a cheannach gan aon phacáistiú nó mura féidir, a laghad pacáistíochta is féidir. Laghdaíonn an cur chuige seo ár n-astaíochtaí carbóin agus laghdaíonn sé cur amú bia.

Óstáil inbhuanaithe gréasáin

Tá ár suíomh gréasáin á óstáil ar fhreastalaithe a chumhachtaítear le hidreachumhacht atá neodrach ó thaobh carbóin de agus atá neamhdhíobhálach don chomhshaol, rud a laghdaíonn ár lorg carbóin faoi 2 thonna mhéadracha d’astaíochtaí CO2 gach bliain. Faigh tuilleadh eolais faoinár n-óstáil gréasáin anseo.

Bainisteoir i gceannas ar inbhuanaitheacht

Tá Bainisteoir Inbhuanaitheachta ceaptha againn, atá freagrach as ár dtionscnaimh inbhuanaitheachta a mhaoirsiú agus a chur i bhfeidhm, agus as dul chun cinn intomhaiste agus trédhearcacht a chinntiú do pháirtithe leasmhara. Tá ár mbainisteoir ag cur tús le dul faoi oiliúint i réimse na hinbhuanaitheachta chun a chinntiú go ndéantar bearta cuí agus go gcuirtear i bhfeidhm iad.

Spriocanna don am amach romhainn

Leagtar amach sa rannóg seo na bearta a dhéanfaimid maidir le hinbhuanaitheacht i nDréimire - Seirbhísí Teanga.

Clár fritháireamh carbóin a chur i bhfeidhm

Geallann Dréimire - Seirbhísí Teanga 100% dá astaíochtaí carbóin a fhritháireamh trí infheistíocht a dhéanamh i dtionscadail fritháirithe carbóin, amhail fuinneamh in-athnuaite nó tionscadail athfhoraoisithe, ag tosú sa bhliain 2024.

Tá sé beartaithe againn 1% dár mbrabúis a infheistiú i dtionscadail fritháirithe carbóin atá dírithe ar an toradh is fearr is féidir a bhaint amach ar ár n-infheistíocht.

Clár luach saothair glas a chur i bhfeidhm

Seolfaidh Dréimire - Seirbhísí Teanga clár luach saothair glas nuálach in 2024, a thabharfaidh dreasachtaí d’fhostaithe le haghaidh iompraíochtaí atá neamhdhíobhálach don chomhshaol, amhail iompar poiblí a úsáid, tomhaltas fuinnimh a laghdú, nó obair dheonach a dhéanamh i dtionscnaimh chomhshaoil.

Iniúchadh inbhuanaitheachta a dhéanamh

Rachaidh Dréimire - Seirbhísí Teanga i dteagmháil le hiniúchóir tríú páirtí chun iniúchadh inbhuanaitheachta bliantúil a dhéanamh, chun measúnú a dhéanamh ar ídiú fuinnimh, bainistiú dramhaíola, agus cleachtais chomhshaoil eile, rud a chinnteoidh trédhearcacht agus cuntasacht do chustaiméirí agus cliaint.

Clár oiliúna inbhuanaithe d’fhostaithe a fhorbairt

Déanfaidh Dréimire - Seirbhísí Teanga clár cuimsitheach oiliúna d’fhostaithe a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm faoi 2024, a dhíreoidh ar chleachtais inbhuanaitheachta agus a chothóidh cultúr freagrachta comhshaoil i measc baill foirne. 

Mar achoimre...

Tá Dréimire - Seirbhísí Teanga tiomanta do spriocanna uaillmhianacha inbhuanaitheachta a leagan síos, le treochlár soiléir chun garspriocanna intomhaiste comhshaoil a bhaint amach agus custaiméirí agus infheisteoirí a mhealladh a thugann tús áite don inbhuanaitheacht. Aithnímid an tionchar atá ag ár n-oibríochtaí ar an gcomhshaol agus an tábhacht a bhaineann lenár lorg carbóin a laghdú.

Táimid tiomanta ár gcleachtais inbhuanaitheachta a fheabhsú go leanúnach agus ár gcion a dhéanamh chun an comhshaol a chosaint do na glúnta atá le teacht.