Seo thíos freagraí ar roinnt mhaith ceisteanna coitianta a chuirtear maidir le Dréimire - Seirbhísí Teanga. Má tá ceist agat nach bhfuil sonraithe thíos seol ríomhphost chuig
Cuireann Dréimire seirbhísí aistriúcháin agus profála den chaighdeán is airde ar fáil dá cuid custaiméirí. Is féidir linn aistriúchán Béarla go Gaeilge nó Gaeilge go Béarla a sholáthar mar aon le profáil ar théacsanna Gaeilge. Cuireann muid seirbhísí guthaithe, tras-scríofa agus logánaithe ar fáil chomh maith.
Tá Dréimire in ann aistriúchán a dhéanamh ar aon saghas cáipéise ná téacs. Seo thíos cúpla sampla de chineálacha ábhar atá aistrithe againn go dtí seo:
Agus roinnt eile nach iad. Má tá ceist agat faoi cháipéis a bhfuil sé ar intinn agat aistriúchán a bheith déanta uirthi cuir ríomhphost chugainn ag
Is féidir meastachán a fháil trí chuairt a thabhairt ar ár leathanach meastacháin ar ár suíomh gréasáin anseo. Is féidir ríomhphost a sheoladh chuig
Gearrtar ráta in aghaidh an fhocail ar ár seirbhísí aistriúcháin agus profála. Bíonn cáin bhreisluacha de 23% le híoc anuas ar an mbunphraghas atá againn. Áirítear inár mbunráta aistriúcháin dara léamh ó theangeolaí eile nach ndearna an t-aistriúchán ar mhaithe le dearbhú cáilíochta d'ardchaighdeán a chinntiú. Déanann an teangeolaí seo an t-aistriúchán a chíoradh go mion le teacht ar bhotúin nó easnaimh leanúnachais sa téacs agus molann siad athruithe nuair is gá.
Níl aon teorainn ar an líon focal is féidir a aistriú. Gearrfar costas áfach ar aon tionscadal ina bhfuil níos lú ná 200 focal ar an bpraghas céanna le tionscadal 200 focal chun costais riaracháin agus próiseála a chlúdach.
Braitheann an t-am comhlánaithe ar aistriúchán faoi leith ar roinnt gnéithe éagsúla. Seo thíos treoir ghinearálta faoi cé chomh fada is a ghlacann sé orainn aistriúchán a sholáthar. Tabhair faoi deara gur treoir í seo agus nach n-éiríonn linn i gcónaí cloí leis na tréimhsí atá luaite.
Is féidir linn glacadh leis na gnáthmhodhanna íocaíochta: aistriú bainc, cárta creidmheasa nó cárta dochair agus seic. Déantar íocaíochtaí a lorg trí mheán sonraisc a eisítear nuair a sheoltar an cháipéis aistrithe ar ais chuig an gcliant. Bíonn an sonrasc le híoc taobh istigh de thréimhse 30 lá.
Is gnéithe fíorthábhachtacha d'aon tionscadal aistriúcháin a dhéantar iad cosaint sonraí agus príobháideachas. Tá aistritheoirí na seirbhíse faoi dhualgas dlíthiúil cosaint sonraí agus príobháideachas a chinntiú agus cuirtear béim mhór ar shlándáil na sonraí a bpléitear leo i gcomhréir le dea-chleachtais náisiúnta agus idirnáisiúnta.
Tá painéal d'aistritheoirí agus profléitheoirí oilte againn a dhéanann saoraistriúchán ar ár son. Bíonn ar gach aon aistritheoir tabhairt faoi thástáil aistriúcháin sula gcuirtear leis an bpainéal iad. Chomh maith leis sin tá aistritheoir tí againn a bhfuil an Séala Creidiúnaithe d’Aistritheoirí de chuid Fhoras na Gaeilge bainte amach acu a bhíonn in ann plé le ceisteanna agus fadhbanna go gasta má thagann siad chun cinn.
Má tá ceisteanna agat nach bhfuil freagraí sonraithe dóibh ar an leathanach seo seol ríomhphost chuig
Tá Dréimire - Seirbhísí Teanga ar an bhfód ó Aibreán 2020 agus ó shin is iomaí cliant a bhí againn. Tá aistriúchán déanta againn le 8 gcomhairle contae éagsúla, 5 eagraíocht Stáit agus roinnt comhlachtaí eile san earnáil phríobháideach in Éirinn agus taobh amuigh di. Tá 5 chonradh sínithe againn le heagraíochtaí chun seirbhísí aistriúcháin a sholáthar dóibh.
Cuireann muid fáilte roimh dhaoine aonair: údair, ceoltóirí agus eile, meastachán a lorg uainn. Tá amhráin agus ábhair eile den sórt sin aistrithe againn.
Seo thíos cuid de na cliaint a bhfuil aistriúchán nó profáil déanta againn dóibh.
![]() |
![]() |
|
![]() |
![]() |
![]() |
![]() |
![]() |
![]() |
Is féidir meastachán a fháil ar ár suíomh gréasáin. Is féidir ríomhphost a sheoladh chuig
Aistriúchán, Aistrigh, Aistriúchán Gaeilge, Aistritheoir, Béarla go Gaeilge, Gaeilge, Meastachán
Uaireanta oscailte: 09:00 — 17:00, Luan go hAoine