Skip to main content

Tabhair cuairt orainn inár nOifig Nua!

Tabhair cuairt orainn inár nOifig Nua!

 

📍 An Tulaigh, Baile na hAbhann, H91 A9W8

 

Beidh oifig nua Dhréimire á hoscailt go hoifigiúil tráthnóna Déardaoin an 27 Meitheamh. Tá an Oifig Ghaeltachta lonnaithe ar an Tulaigh, Baile na hAbhann, sa bhfhoirgneamh céanna le Fíbín agus POTA Café, nó Tigh Johnny Sheáin mar a thugtar air go háitiúil.

 

Déanfaidh Gearóid Mac Donncha, Ceannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta, an oifig a sheoladh go hoifigiúil ag 16.30.

 

Beidh foireann ó Chonradh na Gaeilge agus ó Dhréimire ag feidhmiú ón oifig nua ón tseachtain seo ar aghaidh. 

 

Dúirt Hannah Ní Dhoimhín, Bainisteoir Dhréimire: Seirbhísí Teanga, gur "forbairt thábhachtach agus thar a bheith dearfach do Dhréimire é seo. Tá oscailt na hoifige seo ag teacht le forbairtí móra eile atá ag tarlú sa gcomhlacht, agus muid ag cur leis an réimse seirbhísí a chuireann muid ar fáil agus lenár mbonn cliant." Cuireann Dréimire Teoranta seirbhísí aistriúcháin agus profála Gaeilge agus Béarla ar fáil, chomh maith le seirbhísí comhairleoireachta, pleanála teanga agus eile. Tuilleadh eolais ó Tá an seoladh r-phoist a chosaint ó spambots. Ní mór duit JavaScript a chumasú chun féachaint air..

 

Má bhíonn aistriúchán cruinn, iontaofa ar ardchaighdeán uait faoi ábhar ar bith idir Béarla agus Gaeilge, is féidir leat an téacs a sheoladh chuig seirbhís aistriúcháin oilte, ghairmiúil cosúil le Dréimire – Seirbhísí Teanga ar dréimire.ie