Rásaí na Gaillimhe

Tá rásaí na Gaillimhe beagnach buailte linn arís. Deirtear go mbíonn an samhradh beagnach thart nuair a bhíonn rásaí na Gaillimhe thart! Ní hé go raibh mórán de shamhradh againn go dtí seo ach le cúnamh Dé crochfaidh sé arís as seo go ceann píosa!
Is cinnte go mbíonn an domhan foghlach ag teacht le chéile chun an ócáid a cheiliúradh i gcathair na dTreabh agus ag bualadh lena chéile le hatmaisféar iontach agus scoth an bhia gan trácht ar scoth na ndeochanna a bhíonn ar fáil go flúirseach.
Ar ndóigh, is é an Déardaoin lá mór na mban agus bíonn na mná ar fad gléasta go péacach agus go barr na méar don lá úd.
Seo roinnt nathanna úsáideacha ónár gcairde i nGaillimh le Gaeilge (gleg.ie) a d’fhéadfadh a bheith úsáideach do Rásaí na Gaillimhe.
Fáilte chuig Rásaí na Gaillimhe
- Welcome to the Galway Races
Spraoi agus Spleodar ag Rásaí na Gaillimhe
- Enjoyment and fun at the Galway Races
Lá na mBan
- Ladies Day
An hata is fearr
- Best Hat
An Fhéile Rásaíochta is cáiliúla sa tír!
- The most popular Racing Festival in the country!
Aon mholtaí?
- Any Tips?
Capall Breá
- Great Horse
Agus tá siad imithe!
- And they’re off!
Síos leo le fána
- Over the hill they go
Amuigh chun tosaigh
- Ahead of the posse
Bua iontach
- Great win
Cuir geall
- Put on a bet
Gach bealach
- Each Way
Rogha na Coitiantachta
- Favourite
An corrlach ar
- The odds on
Cárta na rásaí
- Race card
Torthaí na Rásaí
- Race results
Pláta na Gaillimhe
- The Galway Plate
Agus ná déanaigí dearmad ar an seanfhocal “Nuair is crua don chailleach, caithfidh sí rith.” Seans go bhfeilfeadh an seanfhocal sin dom féin agus mé do mo réiteach féin do lá mór na mban!!