Skip to main content

Praistriúchán!

Praistriúchán!

Is minic drochaistriúcháin a bheith le feiceáil ar chomharthaí bóthair thart timpeall na tíre.  Tugann foireann Dhréimire – Seirbhísí Teanga praistriúchán ar ábhar nach bhfuil aistrithe i gceart ó Bhéarla go Gaeilge, mar go deimhin is praiseach d’aistriúchán atá curtha ar fáil. Is féidir sampla amháin a fheiceáil anseo thíos. 

Is mór an frustrachas é do phobal na Gaeilge nuair nach féidir ciall a bhaint as an leagan Gaeilge den chomhartha agus uaireanta, faraor, iompaíonn an cainteoir dúchais Gaeilge ar an leagan Béarla a léamh chun débhrí a sheachaint.  Ní mór go mbeadh an Ghaeilge ar an gcaighdeán céanna leis an mBéarla agus go mbeadh sé intuigthe. 

Féach ar an gcéad sampla arís.  Tabhair faoi deara gur cuireadh dhá fhocal le chéile faoi dhó chun spás a shábháil!  Ní féidir mórán céille a bhaint as ar an gcaoi sin.

Is í ár dteanga féin í. Tabharfaimid aire di!

Má bhíonn aistriúchán cruinn, iontaofa ar ardchaighdeán uait faoi ábhar ar bith idir Béarla agus Gaeilge, is féidir leat an téacs a chur faoi bhráid sheirbhís aistriúcháin oilte, ghairmiúil cosúil le Dréimire – Seirbhísí Teanga.