Skip to main content

IATE - Bunachar Sonraí Téarmaíochta an Aontais Eorpaigh

Maidir le IATE

Is minic a bhaineann foireann Dréimire – Seirbhísí Teanga úsáid mhaith as acmhainní agus foclóirí ar líne chun aistriúchán cruinn a chur ar fáil ó Bhéarla go Gaeilge. Tá IATE, bunachar sonraí téarmaíochta an Aontais Eorpaigh, ar cheann de na foclóirí sin.

Cuireadh tús leis an tionscadal in 1999 agus é mar aidhm aige bonneagar bunaithe ar an ngréasán a chur ar fáil do gach acmhainn téarmaíochta AE agus feabhas a chur ar infhaighteacht agus ar chaighdeánú na faisnéise. Ó shamhradh 2004 ar aghaidh baineadh feidhm as IATE in institiúidí agus gníomhaireachtaí AE chun téarmaíocht a bhaineann go sonrach le AE a bhailiú, a scaipeadh agus a bhainistiú. In 2007, seoladh leagan poiblí den suíomh agus chuir sé sin ar chumas gach saoránach AE téarmaí sonracha a chuardach in aon cheann de na teangacha oifigiúla. Gach bliain, faigheann IATE na milliúin fiosrúchán ar féidir leo a bheith inmheánach nó ón bpobal i gcoitinne, go díreach tríd an suíomh gréasáin féin nó trí fheidhmchláir eile.

Tá bunachar sonraí téarmaíochta an Aontais le haghaidh aon úsáideoir atá ag lorg an téarma ceart

  • Gairmeacha Teanga
  • Lucht Acadúil
  • Saineolaithe Náisiúnta
  • Riaracháin Phoiblí
  • Comhairleoirí beartais
  • Cuideachtaí na hEarnála Príobháidí
  • An Pobal go Ginearálta

Seoladh an leagan nua reatha de IATE an 7 Samhain 2018 tar éis atógáil iomlán ar an gcóras le teicneolaíochtaí úrscothacha, na caighdeáin is déanaí i dtaobh forbairt bogearraí, dea-chleachtais maidir le hinúsáidteacht agus inrochtaineacht, agus le cuma agus braistint nua air. Tá roinnt feabhsuithe agus feidhmiúlachtaí nua ar fáil anois d'úsáideoirí inmheánacha agus d'úsáideoirí ón bpobal, agus leanfaidh bunachar sonraí téarmaíochta idirinstitiúideach AE de bheith ag forbairt sna míonna agus sna blianta amach romhainn chun freastal ar riachtanais agus mianta theangeolaithe AE agus úsáideoirí IATE i gcoitinne.

Má bhíonn aistriúchán cruinn, iontaofa ar ardchaighdeán uait faoi ábhar ar bith idir Béarla agus Gaeilge, is féidir leat an téacs a chur faoi bhráid sheirbhís aistriúcháin oilte, ghairmiúil cosúil le Dréimire – Seirbhísí Teanga.