Is minic a bhaineann foireann Dréimire – Seirbhísí Teanga úsáid mhaith as acmhainní agus foclóirí ar líne chun aistriúchán cruinn a chur ar fáil ó Bhéarla go Gaeilge. Tá Foclóir Béarla-Gaeilge de chuid Fhoras na Gaeilge, atá ar fáil ar focloir.ie, deich mbliana ar an bhfód, ar cheann de na foclóirí iontacha sin. Tá an foclóir ar fáil saor in aisce agus in oiriúint do ríomhairí deisce agus do ghléasanna móibíleacha araon.
Tá eolas gramadaí agus comhaid fhuaime ag dul leis an ábhar Gaeilge san fhoclóir.
Cliceáil ar an lipéad roinn chainte atá díreach taobh leis an leagan Gaeilge. Mar shampla, má chuardaigh tú an ceannfhocal black agus más mian leat an t-eolas gramadaí don leagan Gaeilge dubh, cliceáil ar an lipéad ‘adj1’ in aice leis.
Tabhair faoi deara go mbeidh ceardlanna ar siúl ag Oireachtas na Samhna in Óstán an Gleneagle i gCill Airne. Féach ar na himeachtaí anseo.
Uaireanta oscailte: 09:00 — 17:00, Luan go hAoine
Tá Dréimire - Seirbhísí Teanga cairdiúil don chomhshaol agus cuireann sé an inbhuanaitheacht i gcroílár a gcuid oibríochtaí.
Léigh ár Ráiteas Glas chun tuilleadh eolais a fháil.