Skip to main content

Mo cheol thú!

Cén aois is fearr chun tosú ag foghlaim an phianó?

 

Tá na 7 mbliana d’aois sroichte ag mo mhaicín óg cheana féin agus tá daoine ag rá liom gur chóir dó tosú ag foghlaim ceoil!  Deirtear gurb í an aois cheart le tosú ag foghlaim ná nuair atá an páiste in ann léamh agus scríobh, nó thart ar 7 mbliana d’aois.  Thosaigh mé féin ag foghlaim an phianó nuair a bhain mé na 7 mbliana d’aois amach, agus chuaigh mé chomh fada le grád a ceathair.

 

Tá súil againn go rachaidh ár gcuid gasúr níos faide ar aghaidh ná sin. Bí ag faire air seo! Is cinnte go bhfuil féith an cheoil ag m’iníon óg atá 4 go leith (tá an píosa ‘go leith’ an-tábhachtach di!) agus is maith le mo mhaicín rithim an cheoil freisin.

 

Cosúlachtaí idir teanga a fhoghlaim agus ceol a fhoghlaim

Go traidisiúnta, bhí baint ag an gceol le daoine a thabhairt le chéile. Is ionann an scéal le teanga — ní labhraíonn formhór na ndaoine leo féin, bíonn beirt nó níos mó daoine ag teastáil le cumarsáid a dhéanamh.

 

Léirigh staidéir go bhfuil an réimse céanna den inchinn gníomhach i gceoltóirí a bhíonn ag éisteacht le ceol agus ag éisteacht le teanga. Is cuimhin le daoine ceol ar an mbealach céanna le labhairt.

Fiú gan focail, is féidir linn an difríocht a aithint idir daoine éagsúla agus iad ag casadh an píosa céanna ceoil. Is é an bealach céanna a phróiseálann ár n-inchinn teanga agus ceol, tá sé an-chasta agus úsáideann sé réimsí den chineál céanna den inchinn arís.  Is féidir níos mó ná focail nó nótaí a aithint.

 

 

I staidéar a rinneadh in 2010, léiríodh gur fhorbair daoine a rinne staidéar ar an gceol roimh nó thart ar sheacht mbliana d’aois foclóiríní níos mó agus tuiscint níos fearr ar an ngramadach ná iad siúd nach ndearna. Meastar freisin go mbíonn sé níos éasca dóibh siúd a d’fhoghlaim uirlis cheoil ag aois óg an dara teanga nó, go deimhin, an tríú teanga a fhoghlaim níos déanaí sa saol.

 

Tá go leor staidéir déanta ar na naisc idir ceol a fhoghlaim nó an dara teanga agus baol níos ísle de néaltrú sa tseanaois.

Mar sin, má theastaíonn uait d’inchinn a choinneáil sláintiúil, b’fhéidir go gcabhródh foghlaim an cheoil nó an dara teanga leat. Mo cheol thú!

 

Má bhíonn aistriúchán cruinn, iontaofa ar ardchaighdeán uait faoi ábhar ar bith idir Béarla agus Gaeilge, is féidir leat an téacs a chur faoi bhráid sheirbhís aistriúcháin oilte, ghairmiúil cosúil le Dréimire – Seirbhísí Teanga.