Biachlár a aistriú go Gaeilge

D’iarr cliant orm le gairid biachlár a aistriú ó Bhéarla go Gaeilge dó. Tasc éasca go leor shílfeá. Ní mar a shíltear a bhítear!
Ní mór aird a tharraingt ar an bhfoclóir do na bianna éagsúla agus, ar ndóigh, is féidir go leor den fhoclóir nach bhfuil chomh coitianta sin a aimsiú ar focloir.ie nó ar téarma.ie agus uaireanta bíonn etranslation.ie sách maith chun cabhair a thabhairt in am an ghátair freisin, an gcreidfeá.
Ansin, caithfear leagan amach an bhiachláir a chur in oiriúint don teanga. Tá a fhios ag an domhan mór go mbíonn na leaganacha Gaeilge níos faide ná na focail Bhéarla go minic. Mar shampla, tuigeann mórán gach duine GF i mBéarla ach ba chóir é a fhágáil mar ‘Saor ó Ghlútan’ i nGaeilge chun é a shoiléiriú. Mar sin, uaireanta ní féidir leis an téacs Gaeilge luí isteach i mbosca téacs chomh héasca sin agus bíonn go leor anonn agus anall le déanamh agus an téacs a laghdú b’fhéidir chun é a chur in oiriúint agus fiú amháin an cló a athrú chun na síntí fada a bheith ar comh-mhéid leis an téacs eile.
Nuair atá an leagan amach socraithe, uaireanta bíonn an t-aistritheoir stiúgtha leis an ocras ag smaoineamh ar na bianna blasta éagsúla. Sin fadhb eile le sárú! Is maith an t-anlann an t-ocras agus is fíor sin le hobair an aistritheora go minic!