Skip to main content

Téarma.ie

Téarma.ie — An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge

Bhí neart cur agus cúiteamh le linn an tSiompóisiam Foclóireachta ag Oireachtas na Samhna i gCill Airne maidir le stad na bhfoclóirí Béarla-Gaeilge le scór bliain anuas, mar atá faoi láthair agus mar a bheidh amach anseo.  Moladh an téacs a bheith soléite i gcónaí. Dúradh, cuir i gcás, nár cheart focail ar nós ‘athléimneacht’ a úsáid mar aistriúchán ar ‘resilience’ agus go mba fearr i bhfad ‘teacht aniar’ a úsáid. Moladh freisin go mbeadh dul na Gaeilge ar an téacs agus nach mór róthionchar an Bhéarla a sheachaint. Thug an seisiún cainte ábhar machnaimh dúinn ar fad.

Is minic a bhaineann foireann Dréimire – Seirbhísí Teanga úsáid mhaith as acmhainní agus foclóirí ar líne chun aistriúchán cruinn a chur ar fáil ó Bhéarla go Gaeilge. Tá téarma.ie, an bunachar náisiúnta téarmaíochta don Ghaeilge ar cheann de na hacmhainní sin. Tá sé á bhainistiú ag grúpa taighde GaoisFiontar & Scoil na Gaeilge (DCU) i gcomhar leis an gCoiste Téarmaíochta, de chuid Fhoras na Gaeilge.

Tá an bunachar ar fáil saor in aisce agus in oiriúint do ríomhairí deisce agus do ghléasanna móibíleacha araon.

Tá thart ar 186,000 iontráil dhátheangach ar fáil sa bhunachar téarma.ie. Is féidir dul i ngleic leis na téarmaí ar bhealaí éagsúla agus is féidir chomh maith an t-ábhar a íoslódáil i bhformáid TBX no TXT. Is féidir na hábhair a úsáid le bogearraí aistriúcháin ag úsáid na bhformáidí seo. Má tá téarma nach bhfuil ar fáil sa bhunachar seo á lorg agat, is féidir leagan a iarraidh ar an gCoiste Téarmaíochta, Foras na Gaeilge, ach an fhoirm fiosraithe a líonadh.

Má bhíonn aistriúchán cruinn, iontaofa ar ardchaighdeán uait faoi ábhar ar bith idir Béarla agus Gaeilge, is féidir leat an téacs a chur faoi bhráid sheirbhís aistriúcháin oilte, ghairmiúil cosúil le Dréimire – Seirbhísí Teanga.