Skip to main content

Mo thaithí ar Mhol Digiteach tar éis Stoirm Isha

Bhí fuinneamh sa stoirm a d’éalaigh aréir… Ní oíche Nollaig na mBan a bhí ann, ach oíche Dé Domhnaigh ag deireadh mhí Eanáir agus leag Stoirm Isha lear crainnte ar bhóthar s’againne agus, ar ndóigh, fágadh gan cumhacht leictreachais muid, faraor.  Dúradh linn nach mbeadh an chumhacht aibhléise ar ais go dtí tráthnóna an Luain. D’fhiosraigh mé an scéal an mhaidin dar gcionn agus d’aimsigh mé spás oibre álainn i bhfoisceacht 20 nóiméad uaim a bhí thuas staighre Tigh Roco, Big Tree Work Hub, ar an gCreagán, Co. na Gaillimhe.  Bhí deasc agus nasc idirlín curtha ar fáil dom agus is cinnte go raibh mé ar mo sháimhín só ag plé le hobair aistriúcháin do Dréimire - Seirbhísí Teanga. Is mol de ConnectedHubs.ie é an mol digiteach seo.

ConnectedHubs.ie

Tá gach uile rud le fáil ag an mol digiteach agus is féidir teacht ar mhol i do cheantar féin ar fud na hÉireann ach cliceáil ar ConnectedHubs.ie. Seoladh é i mBealtaine 2021, agus tá sé deartha chun spásanna, deasca, oifigí agus imeachtaí i moil a chur ar fáil ar feadh lae, seachtaine, míosa, bliana nó níos faide. I gcás cliaint atá ann cheana nó a d’fhéadfadh a bheith i moil, lena n-áirítear fostóirí, áirítear ar na buntáistí sin:

  • Córas áirithinte agus íocaíochta atá éasca le húsáid agus atá comhsheasmhach ar fud na mol uile ar fud an líonra
  • Forbairt phobal agus leathnú a líonra ghairmiúil, ag cruthú deiseanna nua
  • Nuálaíocht, taithí agus dea-chleachtais a roinnt laistigh den phobal

Tá ConnectedHubs.ie á bhainistiú ag Coimisiún Forbartha an Iarthair i gcomhar leis an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail (DRCD). Cuireann comhaltaí Líonra an Mhoil Náisiúnta le forbairt agus modhnóireacht leanúnach an ábhair don suíomh freisin. Bainistíonn gach Mol a liostaí féin agus a shuíomhanna infhaighteachta spáis.

Is é Deasc te an bealach is simplí chun áit éigin a aimsiú le hoibriú ar feadh an lae nó b’fhéidir cúpla lá. Seans go mbeidh mé ag filleadh ar an mol seo go luath arís mar gheall ar an téamh domhanda agus de bharr líon na stoirmeacha a bheidh ag méadú de réir a chéile! Beidh le feiceáil!

 

Má bhíonn aistriúchán cruinn, iontaofa ar ardchaighdeán uait faoi ábhar ar bith idir Béarla agus Gaeilge, is féidir leat an téacs a chur faoi bhráid sheirbhís aistriúcháin oilte, ghairmiúil cosúil le Dréimire – Seirbhísí Teanga.