Skip to main content

Cúla4: an cainéal nua teilifíse do dhaoine óga

Cúla4: an cainéal nua teilifíse do dhaoine óga

Bród

Bhí idir bhród agus áthas ar fhoireann Cúla4 Dé hAoine an cainéal nua a sheoladh agus táthar ag súil é a fhás agus a fhorbairt, le bheith mar rogha féachana tarraingteach don lucht féachana óg. 

Tá súil acu freisin go mbeidh Cúla4 mar áis tacaíochta agus spreagtha ó thaobh na Gaeilge de chun an aois óg a spreagadh í a labhairt agus í a scríobh ar bhonn laethúil. 

Sheol an tAire Catherine Martin TD an tseirbhís teilifíse Ghaeilge nua do pháistí agus daoine óga de chuid TG4, Cúla 4, go hoifigiúil Dé hAoine 8 Meán Fómhair. 

Agus í ag labhairt ag an seoladh, dúirt an tAire Martin: 

“Tá an-áthas orm a bheith i nGaillimh inniu chun an chéad chainéal Gaeilge riamh atá tiomanta do pháistí a sheoladh. Le seoladh cainéil Ghaeilge atá tiomanta do pháistí, tá an deis ag TG4 seirbhís níos fearr a dhéanamh do lucht féachana Éireannach níos óige. Tá mé an-sásta an meascán de nuacht atá dírithe ar pháistí, agus ábhar oideachasúil agus siamsaíochta, a fheiceáil sa sceideal. Cuirim fáilte roimh an straitéis chun an t-ábhar a chur ar fáil go digiteach, rud a chinntíonn gur féidir le rochtain a fháil ar an ábhar ar bhonn il-ardáin, agus a chinntíonn go mbeidh Cúla4 ar fáil do pháistí cibé áit ina bhfuil siad. Do chainteoirí neamhdhúchasacha, tógann sé seo an teanga amach ón timpeallacht scoile agus cuireann sé isteach ina mbailte í.”

14 uair in aghaidh an lae

Beidh an stáisiún nua ar an aer ar feadh 14 uair in aghaidh an lae, ó 6r.n go dtí 8i.n, seacht lá in aghaidh na seachtaine. Tacófar le Cúla4 ar líne tríd an seinnteoir, Cula4.com agus Aip Cúla4, mar aitheantas ar an treocht bhreithnithe neamhlínigh atá ag méadú. 

Dírítear an ábhar ar pháistí idir 0-12 bhliana d’aois, agus beidh seirbhís nuachta do pháistí, ábhar siamsaíochta, drámaíocht atá déanta in Éirinn agus beochan san áireamh leis. Is príomhaidhm de chuid Cúla4 é léiriú a dhéanamh ar chúlraí éagsúla páistí atá cónaí orthu ar fud na hÉireann, ach go háirithe iad siúd sa Ghaeltacht agus i bpobal labhartha na Gaeilge. Leanfaidh Cúla4 ar aghaidh ag cur ábhair Ghaeilge ar fáil do Bhunscoileanna. 

Guíonn foireann Dréimire - Seirbhísí Teanga gach rath ar Cúla4 amach anseo agus go mba seacht fearr a bheidh siad bliain ó inniu.