Skip to main content

Aistritheoirí Óga - #JuvenesTranslatores 2023

Is féidir clárú anois le haghaidh #JuvenesTranslatores 2023!

Is í aidhm an chomórtais luach saothair a thabhairt do na haistritheoirí óga is fearr san Aontas Eorpach.

Beidh scoileanna in ann iad féin a chlárú idir an 4 Meán Fómhair agus an 16 Deireadh Fómhair 2023.

Ní mór don scoil, nó do mhúinteoir, an próiseas clárúcháin a dhéanamh – ní féidir le daltaí a scoil a chlárú. Téigh go dtí an suíomh gréasáin clárúcháin anseo.

Cliceáil ar an nasc le clárú – tógfar thú go dtí Ardán an Chomórtais chun an próiseas clárúcháin ar fad a chur i gcrích.

Tá Rialacha an Chomórtais, ina leagtar amach na critéir rannpháirteachais agus na mionsonraí eile ar fad faoin gcomórtas, ar fáil ar ár suíomh gréasáin anois i ngach teanga de chuid an Aontais Eorpaigh. Féach ar conas ullmhú don chomórtas anseo.

Bíonn an comórtas Juvenes Translatores á reáchtáil gach bliain ag Ard-Stiúrthóireacht an Aistriúcháin i scoileanna ar fud an Aontais Eorpaigh ó bhí 2007 ann. Comórtas aistriúcháin atá ann a thugann blaiseadh de shaol an aistritheora do dhaoine óga, a spreagann iad le teangacha iasachta a fhoghlaim, agus a chuirfidh cuid acu ag smaoineamh, b’fhéidir, faoi bheith ina n-aistritheoirí gairmiúla amach anseo. Glacann thart ar 3,000 déagóir ó bheagnach 700 meánscoil páirt ann gach bliain.

Guíonn Dréimire - Seirbhísí Teanga gach rath ar na haistritheoirí óga!

#aistriúchán #teangacha #daltaí #múinteoirí #comórtas