Skip to main content

Tá Feidhmeannach Aistriúcháin á lorg againn

Tá Feidhmeannach Aistriúcháin á lorg againn

Is comhlacht seirbhísí teanga é Dréimire - Seirbhísí Teanga a bunaíodh sa bhliain 2020. Cuireann an comhlacht seirbhísí aistriúcháin, profála, logánaithe agus seirbhísí eile ar fáil do chliaint in Éirinn agus i gcéin, ó Bhéarla go Gaeilge agus ó Ghaeilge go Béarla araon.

Is mian leis an gcomhlacht Feidhmeannach Aistriúcháin a earcú a chabhróidh le tionscadail aistriúcháin a chur i gcrích agus le forbairt an chomhlachta ar bhonn níos leithne.

Cur síos ar an bpost

Beidh an Feidhmeannach Aistriúcháin ag obair go díreach le bainisteoir Dréimire - Seirbhísí Teanga, ag cabhrú le reáchtáil an chomhlachta, ag plé le tionscadail a bhainistiú, cumarsáid le custaiméirí agus le hullmhúchán aighneachtaí tairisceana. Déanfaidh an Feidhmeannach Aistriúcháin idirchaidreamh leis an mbainistíocht ar bhonn rialta agus tabharfar deiseanna dóibh a gcuid scileanna gairmiúla a fhorbairt.

Faoi cheannas Bhainisteoir Dhréimire & Bhord Dhréimire Teoranta, beidh de dhualgas ar an bhFeidhmeannach Aistriúcháin na dualgais seo a leanas a chomhlíonadh: 

  • Ábhair a aistriú ó Bhéarla go Gaeilge agus go Gaeilge go Béarla
  • Taighde a dhéanamh ar théarmaíocht agus ar stóir focal speisialaithe
  • Spriocdhátaí tionscadail a chothabháil agus seachadadh tráthúil ábhar aistrithe a chinntiú
  • Caidrimh le custaiméirí a chothabháil agus seirbhís d'ardchaighdeán a sholáthar dóibh
  • Cabhrú le caidreamh custaiméara agus le fáil custaiméirí
  • Freastal ar imeachtaí thar ceann an chomhlachta, de ghnáth 3 imeacht in aghaidh na bliana
  • Dualgais eile de réir mar is gá

Ag obair go díreach le Bainisteoir Dréimire, beidh ról lárnach ag an bhFeidhmeannach Aistriúcháin i reáchtáil agus i bhforbairt an chomhlachta agus ag an am céanna gheobhaidh siad tuiscint mhionsonraithe ar na príomhscileanna atá de dhíth in earnáil an aistriúcháin.

Cur síos ar an té a cheapfar

  • Céim Ghaeilge nó cáilíocht eile aistriúcháin
  • Tuiscint agus taithí le huirlisí aistriúcháin ríomhchuidithe (CAT)
  • Sárthuiscint ar ghramadach agus teanga na Gaeilge ag leibhéal gairmiúil
  • Scileanna láidre idirphearsanta
  • Taithí le bainistiú tionscadal

Spriocdháta

Is gá CV agus litir chlúdaigh a shonraíonn oiriúnacht don ról a sheoladh chuig This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it. faoi 14:00 ar Dhéardaoin, 17 Lúnasa 2023

Eolas breise:

  • Is í an Ghaeilge teanga inmheánach chumarsáide an chomhlachta
  • Post lánaimseartha ar chonradh bliana atá i gceist
  • Glacfar le hiarratais i nGaeilge amháin
  • Post cianda é ach beidh gá taisteal go Baile Átha Cliath uair sa mhí
  • Socrófar an dáta tosaithe leis an iarratasóir rathúil. Táthar ag súil go dtosóidh an té a cheapfar sa ról seo chomh luath agus gur féidir
  • Beidh na hagallaimh don phost seo ar siúl ar 23 Lúnasa ar líne thar Zoom

Tá an post seo á mhaoiniú le tacaíocht ón