Skip to main content

Teistiméireachtaí

Údarás na Gaeltachta


Thosaigh muid ag baint úsáide as seirbhísí Dhréimire cúpla mí ó shin le profáil a dhéanamh ar ábhar Gaeilge dúinn. Cuireann siad seirbhís ghairmiúil, chruinn agus phras ar fáil. Léiríonn an phrofáil a dhéanann siad go bhfuil tuiscint acu ar an ábhar agus déanann siad moltaí, nuair is gá, maidir le leagan amach na habairtí lena chinntiú go bhfuil an ábhar níos soléite agus níos sothuigthe don léitheoir.

Judy Ní Dhubháin
Ceannasaí Gnóthaí Corparáideacha & Straitéiseacha/Rúnaí an Bhoird
Údarás na Gaeltachta
Na Forbacha, Co. na Gaillimhe T 091 503129 | 087 8510095
www.udaras.ie

Comhaltas na Mac Léinn, Ollscoil na Gaillimhe

Táimid ag obair le Dréimire le blianta fada anois agus mholfaimis go mór a gcuid seirbhísí aistriúcháin. Cuireann siad seirbhís ghairmiúil agus sciobtha ar fáil. Bíonn an-áthas ar fhoireann Dhréimire a bheith ag obair linn agus aistríonn siad míreanna dúinn ar bhonn seachtainiúil gach bliain acadúil.

Joanna Brophy

ElaN/Translavic Languages, An Ísiltír

Táimid ag comhoibriú le Dréimire le roinnt blianta anois, ar thionscadail a bhaineann leis an Aontas Eorpach den chuid is mó, agus ba chúis áthais dúinn i gcónaí é. Is iad sin an chéad rogha atá againn maidir le haistriúchán agus profléitheoireacht ó Bhéarla go Gaeilge. Is féidir linn a bheith cinnte i gcónaí go ndéileálfaidh siad go gairmiúil leis na téacsanna agus go gcuirfear ar fáil in am iad. Tá a bhfreagraí sciobtha, tá a mbarúlacha ar phointe agus tá a gcáilíocht den chéad scoth.  
Má tá soláthraí seirbhíse teanga iontaofa á lorg agat, molaimid go mór teagmháil a dhéanamh le Dréimire!

Serdecznie pozdrawiam,
 
Paulina Miodyńska | Project Manager | ElaN Languages An Ísiltír 
 
Canadastraat 2a | NL-8141 AC Heino | Tel +31 548 65 76 72 
 
Tá an seoladh r-phoist a chosaint ó spambots. Ní mór duit JavaScript a chumasú chun féachaint air. | www.elanlanguages.com 

Skrivanek s.r.o., Prág, Poblacht na Seice

Táimid ag obair le Dréimire ar feadh dhá bhliain anois. Tá a bhfoireann díograiseach faoin nGaeilge agus bíonn siad i gcónaí sásta léargas agus cúlra a thabhairt dá n-aistriúcháin. 

Táimid ag súil go mór lenár gcuid oibre i gcomhar lena chéile amach anseo.

 
Martina Cerhova
Skrivanek s.r.o.
Na dolinach 153/22
CZ 14700 Praha
 
Tá an seoladh r-phoist a chosaint ó spambots. Ní mór duit JavaScript a chumasú chun féachaint air. 
ISO certified company
 
www.skrivanek.com
 

 

An Chomhairle Oidhreachta

Is breá linn úsáid a bhaint as Dréimire dár dtograí aistriúcháin mar gheall ar a bpointeáilteacht, a dtráthúlacht agus go nglacann siad le haon phost, bíodh mór nó beag, agus iad a chur ar fáil dúinn ar ardchaighdeán i gcónaí.

Cathy Connelly
Oifigeach Seirbhísí Corparáideacha 


Comhairle Contae Chill Chainnigh

Don té lena mbaineann

Tá seirbhísí aistriúcháin curtha ar fáil ag Dréimire do roinnt ranna de Chomhairle Contae Chill Chainnigh go rialta, le roinnt blianta anuas, agus bhí siad i gcónaí gairmiúil agus éifeachtach. 
Cuireann Dréimire aistriúcháin tráthúla atá cruinn, sothuigthe agus oiriúnach ar fáil dúinn atá feiliúnach don léitheoir.

Bíonn Dréimire toilteanach i gcónaí léargas agus cúlra a thabhairt dá gcuid aistriúchán, go háirithe nuair a bhíonn logánú, caint nádúrtha, etc. ag teastáil. 

Fuaireamar amach gur cuireadh seirbhísí aistriúcháin Dréimire ar fáil dár n-eagraíocht ar luach iontach, rud a chuireann ar ár gcumas beartais úsáide teanga a chomhlíonadh go héifeachtúil agus go héifeachtach ó thaobh costais de.  
Le dea-mhéin,

Regina Moran
Teicneoir Feidhmiúcháin Sinsearach
An Rannóg Tithíochta, Comhairle Contae Chill Chainnigh