Skip to main content

Tréaslaíonn Dréimire le hUachtarán nuathofa Chonradh na Gaeilge

Tréaslaíonn Dréimire le hUachtarán nuathofa Chonradh na Gaeilge. 

Údar mór bróid do Dhréimire gur toghadh duine de stiúrthóirí an chomhlachta, Ciarán Mac Giolla Bhéin, mar Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge ag Ard-Fheis na heagraíochta i Loch Garman, 22 Feabhra 2025.

Rugadh agus tógadh Ciarán i mBéal Feirste, áit a raibh sé i measc an chéad ghlúin a fuair sé oideachas trí mheán na Gaeilge, ón naíscoil go dtí an Mheánscoil.
Chaith Ciarán seal ag teagasc i ngaelscoileanna agus 5 bhliana ag obair mar Bhainisteoir Abhcóideachta le Conradh na Gaeilge nuair a osclaíodh an oifig nua i mBéal Feirste i 2014.
Is urlabhraí agus ball gníomhach den Dream Dearg go fóill é. Le cúpla bliain anuas tá Ciarán fostaithe mar Chomh-ordaitheoir Pleanála Teanga le Fís an Phobail, in Iarthar Bhéal Feirste.
Is ball bunaithe do Ghlór na Móna é agus cathaoirleach reatha é ar an ghrúpa óige Fhóram na nÓg agus ar an chumann lán Ghaeilge CLG, Laochra Loch Lao.

Guíonn foireann agus bord Dhréimire gach rath ar Chiarán ina ról nua.