Seastán ag Dréimire ag Oireachtas na Samhna den chéad uair!
Beidh Oireachtas na Samhna ar siúl i gCill Airne, Co. Chiarraí idir 30 Deireadh Fómhair agus 3 Samhain 2024, agus beidh seastán ag Dréimire ann den chéad uair i mbliana. Mar sin, abair heileó linn! Ba bhreá linn aithne a chur ort nó bualadh lenár seanchairde arís. Chuirfeadh sé iontas ort na féiríní a bheidh ar fáil ag seastán Dhréimire! Táimid ag súil go mór le bualadh libh ann!