Níl aon tinteán mar do thinteán féin. B’fhíor sin nuair a d’fhág na cuairteoirí agus d’fhill siad abhaile go dtí an Eilvéis le gairid. Bhí na gasúir sásta comhluadar a choinneáil lena gcol ceathracha agus mar a deir an seanfhocal, is binn béal ina thost.
Rud amháin a chuaigh i gcion orm agus iad ar cuairt ná bia na hEilvéise gan trácht ar sheacláid na hEilvéise! Chomh maith le neart seacláide, d’fhág siad bronntanais eile ina ndiaidh agus bhí Múslaí Bircher ar cheann acu, bail ó Dhia orthu. Is cuimhneach liom maidin amháin a thug mo dheartháir céile babhla múslaí dom agus dúirt ‘Bain triail as!’ Bhí sé an-bhlasta! Ní hionann é agus Múslaí Alpen a bhfuil seanaithne againn sa tír seo air.
Is éard a bhí ann ná coirce, cnónna, torthaí tirime, cnó cócó agus é measctha le hiógart, bainne agus úll grátáilte. Ní mór é a stóráil leis an leacht sa chuisneoir an oíche roimh ré, nó ní bheidh aon mhaith ann, agus is cinnte go mbainfidh tú sásamh as an mhaidin dár gcionn.
Is maith an t-anlann an t-ocras agus is fíor sin le hobair an aistritheora go minic!
Uaireanta oscailte: 09:00 — 17:00, Luan go hAoine
Tá Dréimire - Seirbhísí Teanga cairdiúil don chomhshaol agus cuireann sé an inbhuanaitheacht i gcroílár a gcuid oibríochtaí.
Léigh ár Ráiteas Glas chun tuilleadh eolais a fháil.