Mo thaithí ar an mBruiséil
Chonaic mé le gairid ar na meáin shóisialta go bhfuil intéirneachtaí ar fáil faoi láthair chun tréimhse 9 mí a chaitheamh in institiúidí san Aontas Eorpach ar phointe 1 den scála tuarastail.
Is cinnte go mbeadh deis uathúil agat blaiseadh a fháil dá bhfuil i gceist le gairmréim san Aontas Eorpach, do scileanna gairmiúla a fheabhsú agus deis iontach le fás pearsanta a dhéanamh.
Chuir sé siar ar bhóithrín na smaointe mé faoin am ar chuir mé féin spéis i bpost mar aistritheoir in ArdStiúrthóireacht an Aistriúcháin sa Choimisiún Eorpach. Bhí mé díreach tar éis cáiliú le céim MA bainte amach agam san aistriúchán. Chuir mé iarratas isteach ar phost agus tugadh cuireadh dom scrúdú scríofa a dhéanamh i mBaile Átha Cliath le hagallamh gearr ina dhiaidh.
D’éirigh liom le m’iarratas agus laistigh de shé mhí, tugadh cuireadh dom taisteal chun na Bruiséile chun scrúdú leighis a dhéanamh. Bhí na costais taistil agus na costais lóistín ar fad le háireamh agus fuair mé ar ais iad in am agus i dtráth. Bhí mé ag tnúth leis an turas agus le heolas a chur ar an mBruiséil.
Chaith mé an mhaidin ag dul faoi na dianscrúduithe leighis agus chaith mé súil sciobtha ar bhuaicphointí na Bruiséile lena n-áirítear na háiteanna turasóireachta ar nós Parc du Cinquantenaire agus an Grand Place i lár na cathrach ina dhiaidh sin. Bhuail mé le cara a bhí ag obair sna hinstitiúidí i dTigh Kitty O’Shea chun greim a ithe sula bhfuair mé an t-eitleán ar ais go Baile Átha Cliath.
Cé gur éirigh liom sna scrúduithe ar fad, bhí an próiseas earcaíochta chomh fada sin gur thóg sé ocht mí sular tháinig an tairiscint le tosú ag obair ann. Idir an dá linn, chaill mé spéis dul ag obair thar lear agus tháinig post eile aníos in aice liom agus lean an saol ar aghaidh mar sin. Phós mé agus tá beirt chlainne orm ó shin. Tá muid socraithe anois agus sásta ag obair ar mo sháimhín só le Dréimire – Seirbhísí Teanga.
Tuigim anois go bhfuil feabhas mór tagtha ar an bpróiseas earcaíochta sna hinstitiúidí Eorpacha agus nach mbíonn an mhoill chéanna ar dhaoine a chuireann spéis sna poist agus a bhí an t-am sin, agus mholfainn do dhaoine óga smaoineamh ar na deiseanna iontacha atá sa mBruiséil agus i Lucsamburg chomh maith.
Má bhíonn aistriúchán cruinn, iontaofa ar ardchaighdeán uait faoi ábhar ar bith idir Béarla agus Gaeilge, is féidir leat an téacs a sheoladh chuig seirbhís aistriúcháin oilte, ghairmiúil cosúil le Dréimire – Seirbhísí Teanga ar dréimire.ie
