Skip to main content

Gradaim – Gnó na hÉireann.

Daithí Ó Sé, Áine Uí Dhonnghaile (Dréimire) agus Lorcán Mac Gabhann (Ceannasaí Ghlór na nGael) le linn ócáid bronnta na nGradam – Gnó na hÉireann.

D’éirigh le Dréimire – Seirbhísí Teanga trí bhonn óir a thabhairt linn ag Gradaim - Gnó na hÉireann i bPáirc an Chrócaigh, an 17 Samhain 2025.  Thug muid bonn óir linn sna catagóirí gnó seo a leanas: Margaíocht, Seirbhís i nGaeilge agus Comharthaíocht. 

 

Bhí an-lá againn agus glacann muid buíochas le foireann chumasach Ghlór na nGael as an bhfáilte ghnaíúil agus as an lá iontach ceiliúrtha a eagrú.

 

 

Má bhíonn aistriúchán cruinn, iontaofa ar ardchaighdeán uait faoi ábhar ar bith idir Béarla agus Gaeilge, is féidir leat an téacs a sheoladh chuig seirbhís aistriúcháin oilte, ghairmiúil cosúil le Dréimire – Seirbhísí Teanga ar dréimire.ie