Skip to main content

Comhairle faoi Ghuthú

An bhfuil comhairle uait faoi ghuthú?

Le gairid, d’iarr cliant orm obair chomhairliúcháin a dhéanamh ar ghuthú d’fhógraí raidió sna meáin Ghaeilge agus d’aontaigh mé.  Dar liom, obair fhiúntach a bheadh i gceist leis seo agus ár ndóigh, ba mhaith an rud an teachtaireacht san fhógra a bheith soiléir agus éasca a thuiscint do chainteoirí Gaeilge agus don phobal i gcoitinne araon. Thug mé faoi go fonnmhar.  

Ní raibh gá dom taisteal go dtí an stiúideo, agus nasc mé leis an bhfoireann ar an gcóras Zoom. Ar ndóigh, le hAcht na dTeangacha Oifigiúla, ní mór do 20% d’ábhar fógraíochta na gcomhlachtaí poiblí a bheith i nGaeilge agus nach lú ná 5% dá gcaiteachas bliantúil fógraíochta a bheith chun na críche sin.

Bhí aisteoir gairmiúil den chéad scoth ar dualgas don taifeadadh.  Ghlac sé go buíoch le ceartúcháin mar sin féin, rud a bhí sásúil agus b’éasca é a cheartú dá réir.  Chuir mé comhairle ar an aisteoir faoi na focail ‘mothúcháin’, ‘airgid’ agus ‘coinníollacha’. Maidir le ‘mothúchán’ ní mór go mbeadh an ‘ch’ bog leis an bhfuaim cheart agus thug mé an chomhairle chéanna dó faoin ‘ch’ i ‘gcoinníollacha’. Mhol mé dó an ‘d’ a bheith bog in ‘airgid’ freisin.
 
Bhí abairt amháin a bhí beagán rófhada. Bheartaigh mé comhairle a chur orthu go sábháladh sé ama orthu dá mbainfidís amach focal amháin. Ní raibh sé ag teastáil agus chabhródh sé le béim níos fearr a leagan ar na focail eile san abairt. Mar sin, d’athraigh muid an abairt. Rinneadh taifeadadh air agus bhí sé i bhfad níos soiléire mar theachtaireacht.  Thuig mé go gcomhaireann gach soicind ar fhógraí le taifeadadh.

Dar liom, bhí cuma bhreá ar an taifeadadh i ndeireadh na dála. Má chloiseann tú fógra ar an raidió seans maith gur Dréimire – Seirbhísí Teanga a chuir comhairle ar an aisteoir don fhógra sin. Ach má chloiseann tú rud éigean in aimhréidh coinnigh agat féin é! 

Ar ndóigh, is é an t-aistriúchán is mó a bhfuil cleachtadh againn air san earnáil seo, ach is féidir linn comhairle faoi ghuthú a thabhairt freisin más gá.

Má bhíonn aistriúchán cruinn, iontaofa ar ardchaighdeán uait faoi ábhar ar bith idir Béarla agus Gaeilge, is féidir leat an téacs a sheoladh chuig seirbhís aistriúcháin oilte, ghairmiúil cosúil le Dréimire – Seirbhísí Teanga ar dréimire.ie