Skip to main content

Alt a aistriú do Ghailearaí Ealaíne

Is minic a iarrtar ar Dhréimire - Seirbhísí Teanga bileog eolais a aistriú do ghnólachtaí atá gníomhach sna hEalaíona.  Tá Gailearaí Ealaíne aitheanta ar cheann dár gcuid custaiméirí rialta sin agus bheadh an t-aistriúchán le cur ar na meáin shóisialta go hiondúil.

 

Is maith an cleachtas é treoir stíle a chur i dtoll a chéile do chliaint mar seo agus cloí leis, dar liom. D’fhéadfaí sonraí ar na rudaí ar chóir a fhágáil i mBéarla a bhreacadh ann, mar shampla ainmneacha na ndealbh agus na saothar ealaíne. Freisin, mholfainn leaganacha a thagann aníos go minic a liostáil sa treoir stíle, ionas nach mbeadh éagsúlachtaí leaganacha ar fud na háite nuair a d’fheilfeadh leagan amháin.

 

Mar shampla, ní mór stór focal a choinneáil de théarmaí comónta ar nós ‘taispeántóir’ mar aistriúchán ar ‘exhibitor’, nó ‘Ceardlann oiriúnach do theaghlaigh’ mar aistriúchán ar ‘Family Friendly Workshop’.

 

 

Freisin, tá nathanna agus leaganacha cainte i mBéarla nach féidir a aistriú go Gaeilge focal ar fhocal. Leithéidí ‘Boundaries of… have been pushed by’.  Ní féidir é sin a aistriú leis an bhfocal ‘teorainn’ ann ár ndóigh, mar is cinnte nach dtuigfeadh lucht labhartha na Gaeilge céard a bheadh i gceist.  B’fhearr an leagan deisbhéalaíochta ‘ – ag briseadh talamh nua’ mar aistriúchán sa sampla sin.  Sílim féin gur mór an cúnamh é foclóir.ie chun teacht ar leaganacha dúchasacha.

 

Uaireanta, is deacair an bhrí a thuiscint sa leagan Béarla agus mholfainn sa chás sin an leagan Béarla a chur isteach ar Thesaurus.com agus é a thiontú ansin go leagan a bhfuil dul na Gaeilge ann.

 

Má bhíonn aistriúchán cruinn, iontaofa ar ardchaighdeán uait faoi ábhar ar bith idir Béarla agus Gaeilge, is féidir leat an téacs a sheoladh chuig seirbhís aistriúcháin oilte, ghairmiúil cosúil le Dréimire – Seirbhísí Teanga