Skip to main content

Ag Snámh in aghaidh Easa

Shílfeá go mbeadh an snámh go maith agamsa ó tharla gur de bhunadh Chonamara mé agus go raibh an fharraige beagnach ar leac an dorais agam! Ní mar a shíltear a bhítear! Níor éirigh liom snámh a fhoghlaim go raibh mé i mo dhuine fásta. Bhíodh faitíos i gcónaí orm roimh uisce faraor agus bhí sé ar nós a bheith ag snámh in aghaidh easa iallach a chur orm! Is minic a deirtí nach raibh an snámh ag iascairí Chonamara fadó ach an oiread mar go mbeadh sé níos deacra orthu teacht slán i gcruachás dá mbeadh an snámh acu ar chúis eicínt.

 

Tá teagasc snámha i gcroílár an churaclaim sna scoileanna náisiúnta le blianta beaga anuas agus b’shin cúis eile le snámh a fhoghlaim - chun mo bheirt ghasúir a spreagadh agus misneach a thabhairt dóibh.

 

Anois agus mé pósta le feirmeoir i lár tíre nach aisteach gur éirigh liom snámh a fhoghlaim agus tá ag éirí go maith liom ar deireadh thiar thall. Is breá liom teagmháil an uisce le mo chorp agus mé ag snámh ar mo bhrollach leis an gcrágshnámh agus le níos mó cleachtaidh bheinn in ann fad linne a dhéanamh, ach an t-análú a bheith i gceart agam. Is maith liom an crágshnámh cúil nó an snámh droma mar gheall nach mbíonn aon fhadhb análaithe i gceist leis sin fad is nach mbáitear mé idir an dá linn!

 

Ár ndóigh bíonn neart ranganna snámha do dhaoine fásta ar bun fud fad na tíre.  Mholfainn go mór snámh a fhoghlaim nó a chleachtadh, ní hamháin mar aclaíocht don chorp ach don intinn freisin. 

 

Má bhíonn aistriúchán cruinn, iontaofa ar ardchaighdeán uait faoi ábhar ar bith idir Béarla agus Gaeilge, is féidir leat an téacs a sheoladh chuig seirbhís aistriúcháin oilte, ghairmiúil cosúil le Dréimire – Seirbhísí Teanga ar dréimire.ie