Skip to main content

Tá muid ag earcú!

Cuireann Dréimire seirbhísí teanga – lena n-áirítear aistriúchán, profáil agus seirbhísí gairmiúla 
eile – ar fáil do réimse leathan cliant in Éirinn agus thar lear. Tá an comhlacht á fhorbairt go 
leanúnach ó bunaíodh é in 2020, ag cur leis an réimse seirbhísí a chuirtear ar fáil agus leis an 
líon cliant i gcaitheamh an ama. 

Chun freastal ar an éileamh atá ar ár gcuid seirbhísí, tá muid anois ag breathnú ar bhealaí le cur 
lenár bhfoireann. Chuige sin, tá muid anois ag cur fáilte roimh iarratais ó iarrthóirí cáiliúla a 
mbeadh spéis acu oibriú le Dréimire ar bhonn páirtaimseartha nó lánaimseartha. 

Oibreoidh an té a cheapfar faoi cheannas Bhainisteoir Dhréimire agus Bhord Stiúrtha Dhréimire 
chun na dualgais seo a leanas a chomhlíonadh: 
• Tascanna aistriúcháin agus profála (Gaeilge agus Béarla) a chur i gcrích le 
hardchaighdeán cruinnis; 
• Dea-chaidreamh a chothú le cliaint éagsúla; 
• Cloí le spriocdhátaí dochta agus seachadadh tráthúil tionscadal a chinntiú; 
• Oibriú leis na córais inmheánacha riaracháin atá i bhfeidhm sa gcomhlacht; 
• Freastal ar imeachtaí thar ceann an chomhlachta (c. 3 imeacht in aghaidh na bliana); 
• Dualgais eile de réir mar is gá. 
Is deis iontach atá anseo d’aon duine a bhfuil spéis acu oibriú in earnáil an aistriúcháin agus go 
háirithe do dhaoine ar maith leo éagsúlacht ina gcuid oibre, óir tá muid sásta a bheith an
solúbtha mar a bhaineann le huaireanta oibre. Cianobair atá i gceist leis an bpost, ach beidh 
fáil ar oifig i gConamara nó i mBaile Átha Cliath chomh maith. 

Beidh na cáilíochtaí agus na tréithe seo a leanas ag an té a cheapfar: 
● Sárscileanna aistriúcháin, profála agus eagarthóireachta (Gaeilge go Béarla agus Béarla 
go Gaeilge); 
● Cruinneas i scríobh agus i labhairt na Gaeilge; 
● Scileanna maithe cumarsáide agus eagrúcháin; 
● Cáilíocht san aistriúchán nó i réimse áirithe eile; 
● Cumas oibriú go héifeachtach mar chuid d’fhoireann. 

Critéir inmhianaithe: 
● Taithí 2+ bhliain ag obair mar aistritheoir; 
● Taithí ar bhogearraí aistriúcháin (go háirithe MemoQ) agus ar MS Office (go háirithe 
Word agus Excel); 
● Séala Fhoras na Gaeilge d’Aistritheoirí agus/nó d’Eagarthóirí. 

Tuarastal ag brath ar cháilíochtaí agus ar thaithí. 

Tá tuilleadh eolais faoi Dhréimire ar fáil anseo agus is féidir fiosrúchán a dhéanamh faoin 
bhfolúntas seo ach ríomhphost a chur chuig This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it.

Chun iarratas a dhéanamh ar an bpost seo, seol litir chumhdaigh agus CV chuig This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it. 
faoi 4:00in Dé Máirt, 3 Feabhra 2026. Iarrtar ar iarrthóirí a lua cé acu obair pháirtaimseartha nó 
lánaimseartha a d’fheilfeadh dóibh mar chuid den litir chumhdaigh. 

Eolas breise: 
• Is í an Ghaeilge teanga oibre an chomhlachta, agus ní ghlacfar ach le hiarratais i 
nGaeilge. 
• Post páirtaimseartha nó lánaimseartha ar chonradh bliana atá i gceist. 
• Socrófar an dáta tosaithe leis an iarratasóir rathúil.